Imeachtaí Uisce

Wave Shape

Imeachtaí Uisce

Tá Spóirt Uisce Leitir Mealláin ar an bhfód ó 2005. Is daoine a d’fhreastail ar ár gcampaí iad go leor dár dteagascóirí atá ag obair ar na campaí anois iad féin agus tá na cáilíochtaí gairmiúla cuí ag gach duine ar an bhfoireann.

Mar gheall go bhfuil muid ar an gcósta anseo i Leitir Mealláin, chuaigh muid i mbun an tábhacht a bhaineann leis an tsábháilteacht is gá le cúrsaí farraige a léiriú. Tá sé ríthábhachtach go mbeadh daoine muiníneach ar an bhfarraige agus timpeall na farraige agus iad i mbun ár n-imeachtaí uisce.

Léirítear agus pléitear sábháilteacht leis na rannpháirtithe go léir ag tús gach lae. Cuirtear béim ar an tábhacht a bhaineann le seaicéad tarthála - NÍ MÓR DO GACH RANNPHÁIRTÍ SEAICÉAD TARRTHÁLA A CHAITHEAMH AG GACH SEISIÚN ar mhaithe le sábháilteacht.

Roinntear grúpaí de réir aoise agus a gcumas. Tá sé tugtha faoi deara againn i gcaitheamh na mblianta go bhfuil na rannpháirtithe ag déanamh cairde agus iad óg a mhaireann blianta fada.

Group of young people sitting on an inflatable boat that is shaped like a banana
Transparent Wave Shape
Transparent Wave Shape

Gníomhaíochtaí:

Ó thaobh na ngníomhaíochtaí uile is féidir freastal ar gach leibhéal scileanna

  • Kayaking Icon Cadhcáil
  • Windsurfing Icon Gaothshurfáil
  • Pier Jumping Icon Léim de Chéibhe
  • keel boat sailing Icon Seoltóireacht ar Bháid Chíle
  • Ringo and Banana Boat Icon Ringo agus Bád-banana
  • Raft Making Icon Déanamh Raftaí
  • Cliff Jumping Icon Léim d’Aill
  • Water Trampoline Icon Trampailín Uisce
  • Beach Games Icon Cluichí Trá

Tá sé tábhachtach am a chaitheamh amuigh faoin aer. Tá sé folláin don chorp agus don intinn. Laghdaíonn sé an méid ama a chaitear os comhair an scáileáin agus cuireann sé le stíl mhaireachtála níos cothromaithe agus níos sláintiúla. 

Campaí Samhraidh

Bíonn na Campaí Uisce ar siúl ó Bhealtaine go Meán Fómhair. Is iad seo na míonna is gnóthaí den séasúr agus muid ag ullmhú do na campaí samhraidh seo a mhaireann ar feadh seachtaine.

Tosaíonn an chéad champa de ghnáth an tseachtain dheiridh de mhí na Bealtaine. Bíonn sé dírithe ar dhaoine óga idir 12 agus 18 bliain d’aois. Bíonn campaí eile ar siúl ar feadh sé seachtaine eile do dhaoine idiri 7 agus 18 bliain d’aois. Tá na campaí oscailte do mhic léinn na gColáistí Samhraidh agus fáiltíonn muid roimh thurais scoile chomh maith.

Bíonn sé mar aidhm ag Campa Uisce Leitir Mealláin scileanna nua a mhúineadh, cairde nua a dhéanamh agus cur le muinín na rannpháirtithe chomh maith le bheith i mbun eachtraíochta ar farraige agus ar thalamh ag ár n-ionad speisialta eachraíochta ag Campa Uisce Leitir Mealláin.  Tógfaidh ár gcampa samhraidh do chuid páistí óna gcuid scáileán agus amach faoin aer agus sa nádúr i mbun gníomhaíochtaí mianta nua

Is timpeallacht shuaimhneach agus álainn é cósta agus cladach Leitir Mealláin a thugann deis iontach do dhaoine scíth a ligean agus athnuachan. Más ag iarraidh cadhcáil go ciúin timpeall an oileáin atá tú nó dul ag seoltóireacht ar bhád mór, le Spóirt Uisce Imeall Mara beidh deis agat éalú ó bhrú an tsaoil, cur le haclaíocht, folláine meabhairshláinte, meoin pobail agus tuiscint ar an gcomhshaol. Tá cuainíní beaga agus tránna beaga i bhfolach, agus seoda eile le feiceáil ar fud an oileáin álainn seo.

Two images of a person coasteering and sailboats

Nithe Riachtanacha don Champa

Más ar champa scoile a bheidh tú, déan cinnte na rudaí riachtanacha seo a leanas a phacáil:

Swimwear Icon

Feisteas Snámha

Change of Clothing Icon

Athrú Éadach

plastic bags for wet clothes icon

Málaí

(Le haghaidh éadaí fliucha)

Towel Icon

Tuáille

Drink Icon

Deoch

warm jumper icon

Geansaí

(nó húdaí le caitheamh ag am lóin)

Lunch Icon

Lón

Old Shoes Icon

Seanbhróga

(Ní cuaráin ná flíp-fleapanna .i. bróga oscailte)

Cuireann muid turais scoile ar fáil freisin do gach aoisghrúpa - déan teagmháil le 091 551553 nó cuigeal@gmail.com le haghaidh tuilleadh eolais.

Lean muid ar Instagram @campauisceleitir.meallain don eolas is déanaí

Summer Camps Enquiry

Icon of seaweed in a circle

Ceisteanna Coitianta

An gcaithfidh mé a bheith ábalta snámh?

Ní mór duit a bheith réasúnta ar do chompord san uisce agus a bheith in ann gluaiseacht san uisce le páirt a ghlacadh sna himeachtaí. Tá sé éigeantach culaith uisce agus seaicéad tarrthála a chaitheamh - cuirtear ar fáil iad agus tá siad san áireamh sa táille a ghearrtar. Cinnteoidh an feisteas sábháilteachta go bhfanfaidh tú ar bharr uisce i gcónaí.

Tá mo pháiste faoi mhíchumas foghlama, An bhféadfaidh sé nó sí freastal freisin?

Féadfaidh. Ach, beidh muid ag iarraidh sonraí maidir leis an míchumas ar an bhfoirm iarratais nó déan teagmháil linn ar an bhfón le déanamh cinnte go mbeidh an t-eispéireas is fearr agus is féidir ag an bpáiste.