Do Chuairt

Wave Shape

Ní mór duit smaoineamh ar iompar, cóiríocht, gníomhaíochtaí agus taitneamhachtaí áitiúla má tá cuairt ar Leitir Mealláin á pleanáil agat, áit iargúlta álainn in Éirinn.

An tslí go dtí seo

As Cathair na Gaillimhe, rachaidh tú siar ar an R336, ag dul trí roinnt bailte agus pointí suntasacha, lena n-áirítear Bearna, Na Forbacha, An Spidéal, Indreabhán, Ros an Mhíl agus Casla.

Nuair a shroichfidh tú Casla, téigh ar chlé ag an stáisiún raidió, Raidió na Gaeltachta. As sin, lean ar aghaidh nó go sroichfidh tú an chéad droichead ag Béal an Daingin. Rachaidh tú ar thrí dhroichead eile ar an mbealach go Leitir Mealláin.

Nuair a bheidh na trí dhroichead sin caite agat, coinnigh súil amach don séipéal áitiúil a bheidh ar thaobh na láimhe deise, tá muidne díreach trasna ón séipéal.

Má bhíonn aon deacracht agat á n-aimsiú nó má bhíonn tuilleadh eolais uait, ná bíodh aon drogall ort teagmháil a dhéanamh linn ag 091 551596seaweedcentre@gmail.com. Beidh muid anseo le cuidiú leat ceann scríbe a bhaint amach gan stró.

Féadfaidh tú roghanna iompair phoiblí a úsáid freisin, busanna mar shampla, más mian leat. Fágann an 424 Cathair na Gaillimhe le dul go Leitir Mealláin.

Cathair na Gaillimhe – Leitir Mealláin

  • Duration Icon 12:15 i.n.– 14:01 i.n
  • Duration Icon 16:45 i.n – 18:31 i.n

Leitir Mealláin – Cathair na Gaillimhe

  • Duration Icon 6:00 r.n. – 07:47 r.n.
  • Duration Icon 7:50 r.n. – 08:51 r.n.
  • Duration Icon 14:10 i.n. – 16:05 i.n.
  • Duration Icon 19:00 i.n. – 20:55 i.n.
Entrance into Seaweed Cafe with sign above the door
Transparent Wave Shape

Ag Teacht ó Thar Larr

Accommodation Icon

Cóiríocht:

Fiosraigh roghanna cóiríochta i Leitir Mealláin nó i gcóngar do Leitir Mealláin lena n-áirítear tithe aíochta, tithe lóistín, nó cóiríocht fhéinfhreastail. Moltar duit áit a chur in áirithe roimh ré, go háirithe sna buaic-shéasúir thurasóireachta.

Local Cuisine Icon

Bia go hÁitiúil:

Bain triail as bia traidisiúnta Gaelach i dtithe ósta nó bialanna áitiúla. Bíonn an-tóir ar bhia mara agus iasc i gceantair chósta - tapaigh an deis blaiseadh a fháil d’iasc úr agus bia mara speisialta an cheantair.

Activities Icon

Gníomhaíochtaí:

Bain sult as gníomhaíochtaí amuigh faoin aer mar shiúlóidí, rothaíocht nó cadhcáil i dtírdhreacha áille Leitir Mealláin.

Siúil ar an gcladach agus ar na tránna.

Tabhair cuairt ar nithe is díol spéise mar láithreacha staire, séipéil nó ionaid chultúrtha chun foghlaim faoi thraidisiúin agus oidhreacht shaibhir an cheantair.

Safety Precautions Icon

Réamhchúraimí Sábháilteachta:

Bí ullamh do gach cineál aimsire, go mór mór má bhíonn tú i mbun gníomhaíochtaí amuigh faoin aer. Bíodh éadaí agus feistear cuí ar iompar agat.

Lean treoirlínte sábháilteachta agus comharthaí nuair a bheidh tú ag dul ar  limistéir chósta/chladaigh nó cosáin siúlóide.

Bíodh meas agat ar an timpeallacht nádúrtha agus ar an bpobal áitiúil le linn do chuairte le do thoil.

Cúrsa Taistil do Ghrúpa:

Is féidir eispéireas taitneamhach a bheith agat trí chúrsa taistil dea-chumtha a eagrú ina mbeidh réimse gníomhaíochtaí éagsúla mar cadhcáil, cuairt ar ionad oidhreachta, folcadh feamainne, turas cladaigh agus lón deas a bheith agat ag caifé. Seo thíos cúrsa taistil samplach:

Stylish freestanding bath with seaweed handing off the side

Sample Itinerary

Kayaking Adventure Icon Rogha Gníomhaíochta 1: Eachtra Cadhcála
  • Tabhair grúpa amháin go dtí an láthair cadhcála.
  • Cuir treoracha sábháilteachta agus trealamh ar fáil.
  • Bain sult as turas cadhcála treoraithe ar an gcósta álainn ag féachaint ar an dúlra agus na radhairc.
Heritage Center Icon Rogha Gníomhaíochta 2: Cuairt ar Ionad Oidhreachta
  • Féach ar taispeántais, déantáin agus taispeántais idirghníomhacha lena léirítear stair, cultúr agus traidisiúin an cheantair.
  • Glac páirt i dturais nó i ngníomhaíochtaí praiticiúla faoi threoir bhaill foirne eolasacha.

Lón

  • Teacht le chéile arís ag caifé nó bialann áirithe le haghaidh lóin.
  • Cuir raon roghanna biachláir ar fáil le freastal ar roghanna nó srianta aiste bia.
  • Tabhair a ndóthain ama do dhaoine le scíth a ligean, le casadh le chéile agus le teacht chucú féin sula rachaidh siad i mbun gníomhaíochtaí an tráthnóna.

Seaweed Bath Icon Rogha Gníomhaíochta 3: Eispéireas Folctha Feamainne
  • Tabhair deis do dhaoine folcadh feamainne a bheith acu ar a suaimhneas, scíth a ligean in uisce álainn agus leas a bhaint as cothaithigh agus as tairbhí teiripeacha.

Tuilleadh Eolas

Cuir Aithne ar Leitir Mealláin

Bia & Deoch

Ceisteanna Coitianta