Ár Scéal
Ár Scéal Féin
Tá an foirgneamh sin againne athraithe go mór i gcaitheamh na mblianta ag freastal do riachtanais an phobail agus úsáid níos éifeachtúla a bhaint as an spás ó thosaigh muid amach mar naíolann agus naíonra i dtús aimsire
Tá ionad oidhreachta ann anois atá ann le 17 bliain ina bhfuil déantáin as bailiúchán John Bhaba Jeaic ar taispeánadh ann, idir bhailiúchán ábhar 1916 agus ábhar a bhíodh ar fáil i siopaí fadó.
Staraí áitiúil díograiseach is ea John Bhaba Jeaic Ó Conghaile, a bhfuil stair agus cultúr tuaithe na hÉireann á gcaomhnú aige lena bhailiúchán de dhéantáin atá le feiceáil in Ionad Oidhreachta Leitir Mealláin agus Gharmna. Mar atá luaite cheana, tá meascán ábhair ar taispeáint, idir dhéantáin as siopaí fadó, seanphictiúir de mhuintir an cheantair agus dhéantáin ó aimsir an chogaidh agus tugann siad léargas dúinn ar shaol, traidisiúin agus imeachtaí an phobail síos trí na blianta.
Tá ionad cuairteoirí ann chomh maith a bhfuil téama feamainne ann ó bhaint na feamainne ar an gcladach go folcadh feamainne. Tá eolas ar fáil in Ionad na Feamainne faoin bhfeamainn, tá siopa agus caifé ann ina ndíoltar táirgí feamainne chomh maith. Is áit é Ionad na Feamainne ina bhféadfar seal a chaitheamh agus suaimhneas a fháil ó stró an tsaoil.

Comharchumann
Is eagraíocht forbartha pobail é Comhar Chuigéal Teo (a dtugtar an Comharchumann air sa gcáipéis seo freisin) atá lonnaithe i Leitir Mealláin, ar chósta thiar theas Chontae na Gaillimhe in Éirinn.
Bunaíodh Comhar Chuigéal sa bhliain 1999 le saol sóisialta, eacnamaíochta agus cultúrtha an cheantair a chur chun cinn, le tionscadail turasóireachta a fhorbairt agus chun cuidiú le sainghrúpaí sa bpobal a fhorbairt idir dhaoine óga, dhaoine scothaosta agus dhaoine dífhostaithe. Cuireann an Comharchumann raon leathan seirbhísí agus áiseanna ar fáil don phobal áitiúil, lena n-áirítear: halla pobail, oifigí/seomraí cruinnithe ar cíos, caifé, seomra ríomhairí, bainc athchúrsála, páirc spraoi, cursaí agus ranganna breisoideachais. Bíonn an eagraíocht ag obair go gníomhach i gcomhar leis an earnáil phríobháideach, agus ag díriú go mór ar an timpeallacht a chaomhnú sa gceantar, le tionscadail phobail a chur chun cinn sa gceantar atá oiriúnach agus cuí don cheantar.
Tá roinnt eispéireas turasóireachta forbartha i Leitir Mealláin ag an gComharchumann, ina measc: pointe eolais do thurasóirí, Ionad Oidhreachta (ar éirigh leis maoiniú a fháil ó Fháilte Éireann le haghaidh tuilleadh léirithe do chuairteoirí) agus Ionad na Feamainne (ionad a bhfuil léiriú ann do chuairteoirí, folcthaí feamainne agus cóireálacha).
Tá Comhar Chuigéal páirteach i dtionscadail éagsúla ar nós Mapáil Dhigiteach Reiligí, Ceantar na nOileán agus caomhnú oidhreachta na dToibreacha Beannaithe áitiúla.
Cuireann an Comharchumann gníomhaíochtaí spóirt uisce ar fáil do ghasúir bunscoile ag Campaí Samhraidh agus do dhéagóirí iarbhunscoile a bhíonn ag freastal ar Choláistí Samhraidh ag foghlaim Gaeilge sa gceantar le Spleodar, Coláiste na nOileán agus Coláiste Cholumba.