Ionad na Feamainne
Seomra príobháideach le 2 fholcadán feamainne ar leith duit féin agus
60 euros

Ár scéal
Tá Leitir Mealláin suite ar chósta Chonamara, Co. na Gaillimhe agus 36 míle ó Chathair na Gaillimhe.
Is é an aidhm atá ag Comhar Chuigéal agus ag Ionad na Feamainne ná forbairt na hearnála turasóireachta a spreagadh mar thiománaí geilleagrach do Cheantar na nOileán agus ag an am céanna a chinntiú go bhfuil na tírdhreacha, ceann de na sócmhainní is luachmhara atá againn a chosaint agus a chaomhnú.
Saibhir i nGaeilge agus i gcultúr na hÉireann, bhí ceangal láidir i gcónaí ag muintir Leitir Mealláin leis an bhfarraige, rud a fhágann gur gníomhaíocht eacnamaíoch thábhachtach don cheantar feirmeoireacht feamainne.

Safari Feamainne
Lig do scíth, ag éisteacht le tonnta na farraige sa tóir ar a chéile, leis na fuaimeanna síochánta fhiadhúlra atá amach ó chósta Leitir Mealláin. Beidh tú ag breathnú uait ar Túr Cheann Golaim agus na radharcanna breátha siar i dtreo Oileáin Árann.





