Folcthaí Feamainne

Wave Shape

Folcthaí Feamainne

Bain sásamh as traidisiún ársa na bhfolcthaí feamainne in Ionad na Feamainne i Leitir Mealláin. Gheobhaidh tú eispéireas athbheochana lenár bhfolcthaí feamainne a fhágfaidh athnuaite tú. Tá meas ar fholcthaí feamainne leis na céadta bliain as a dtairbhí teiripeacha agus sláinte. Beidh tú sínte san uisce bog agus feamainn úr a bhaintear síos an bóthar i do thimpeall. Scaoileann an fheamainn le mianraí. vitimíní agus frithocsaídeoirí riachtanacha san uisce agus tugtar isteach sa gcorp iad tríd an gcraiceann. Cuidíonn an próiseas nádúrtha seo le himshruthú na fola agus le díthocsainiú an choirp agus go deimhin le scíth a ligean agus suaimhneas a thabhairt do chorp agus intinn.

bath with seaweed and a wooden serving tray next to a rattan basket and rattan chair
Transparent Wave Shape
Transparent Wave Shape

Tairbhí Folcthaí Feamainne

Skin Rejuvenation Icon

Athnuachan an Chraicinn:

Tá go leor vitimíní, mianraí agus amíonaigéid i bhfeamainn a chothaíonn agus a fhágann an craiceann bog, mín agus luisniúil.

Muscle Relief Icon

Faoiseamh do Mhatáin:

Is féidir le luí i bhfolctha feamainne cuidiú le matáin faoiseamh a fháil ó theannas, séideadh a laghdú, faoiseamh a fháil ó phianta sna matáin agus sna hailt.

Detoxification Icon

Díthocsainiú:

Cuidíonn airíonna nádúrtha díthocsainiúcháin na feamainne le haon salachar agus tocsainí atá sa gcorp a tharraingt amach. Rud a fhágfaidh tú ag aireachtáil glan, beo, athnuaite.

Stress Relief Icon

Faoiseamh ó Strus:

Cruthaítear timpeallacht shuaimhneach chiúin leis an uisce bogthe lán le cothaithigh ón bhfeamainn agus cuidíonn sé sin le strus a laghdú agus folláine intinne a chur chun cinn.

Folcthaí Feamainne

In Ionad na Feamainne, tá muid dírithe ar eispéireas a chur ar fáil do chustaiméirí a bheidh sómasach, speisialta, nach ndéanfar dearmad air go héasca. Baintear úsáid as feamainn a bhaintear le láimh, síos an bóthar ó sheomra na bhfolcadán, an mhaidin chéanna a bhfuil an folcadh le bheith ag an gcustaiméir. Ciallaíonn sé sin go mbeidh an fheamainn chomh húr agus chomh cumhachtach ó thaobh cothaithigh agus is féidir.

Nuair a shroichfidh tú Ionad na Feamainne, cuirfidh Sarah fáilte romhat. Treoróidh sí tríd an bpróiseas tú agus freagróidh sí aon cheist a bheidh agat. Ansin tabharfaidh sí chuig do sheomra príobháideach tú le haghaidh d’fholcadh feamainne, áit a bhféadfaidh tú tú féin a thumadh san uisce agus do scíth a ligean ar do shuaimhneas.

Maireann gach seisiún sa bhfolcadán uair an chloig de ghnáth, tugann sé sin neart ama duit do scíth a ligean agus leas a bhaint as an gcleachtas ársa seo ar mhaithe le folláine. Beidh tú in ann leanúint ar aghaidh tamall eile le sásamh a bhaint as an atmaisféar ciúin sa spás scíthe agus beagán sailéad torthaí le carraigín a ithe.

Seisiún sa seomra gaile agus folcadh feamainne ina dhiaidh.

Singil

Folcadán amháin i seomra príobháideach.

  • Duration Icon 60 nóiméad
  • Tour Price €30

Dúbailte

Dhá fholcadán sa seomra céanna.

  • Duration Icon 60 nóiméad
  • Tour Price €60
Transparent Wave Shape
Transparent Wave Shape

Léirmheasanna ó Chliaint

Open quotation marks
Closed quotation marks
Transparent Wave Shape
Transparent Wave Shape

Tuilleadh Eolais

Dearbhán

Ceisteanna Coitianta

Do Chuairt