Áiseanna
Páirc Spraoi Leitir Mealláin
Is áis iontach é Páirc Spraoi Leitir Mealláin atá leagtha amach le freastal ar ghasúir idir dhá bhliain agus cúig bhliana déag d’aois. Tá sé lonnaithe le taobh Chomhar Chuigéal, an Comharchumann Pobail a chuir an tionscadal chun cinn.
Tá spás sóisir agus sinsir ann a bhfuil píosaí trealaimh éagsúla ann ar féidir le gasúir sult agus spraoi a bhaint astu. Féadfaidh tuismitheoirí a scíth a ligean chomh maith agus suí síos fad is a bheidh na gasúir ag spraoi.
Tá sé fíor-áisiúil freisin go bhfuil an pháirc spraoi suite trasna ó Scoil Náisiúnta Leitir Mealláin agus Séipéal Réalt na Mara.
Tá trealamh spraoi uilechuimsitheach sa bpáirc spraoi lena dtugtar spreagthacht chéadfach do na gasúir lena spreagadh a bheith ag spraoi le chéile cuma a gcumas. Is iad Cuach an Chasaigh agus an t-Ollnóva an dá phíosa trealaimh is mó a bhfuil tóir orthu agus a dhéanfaidh scileanna cothromaithe na ngasúr a thástáil.
Tríd is tríd is breá an áit é le spraoi agus craic a bheidh ag gasúir agus as tuismitheoirí suí síos agus sult a bhaint as an áit ina dtimpeall.


Spleodar
Cuireann Comhar Chuigéal áiseanna ar fáil don choláiste Gaeilge, Spleodar, a chuireann cúrsaí gníomhacha Gaeilge ar fáil do mhic léinn. Caitheann na mic léinn formhór a gcuid ama ag an gcoláiste leis an méid is mó is féidir a fháil agus a bhaint as an gcúrsa. Caitheann na mic léinn dhá uair go leith sa rang le múinteoirí cáilithe gach maidin ó Luan go Satharn. Tá an curaclam an-idirghníomhach agus cuirtear an bhéim ar an teanga labhartha agus rannpháirtíocht na mac léinn. Bíonn raon leathan gníomhaíochtaí ar siúl san iarnóin: ealaín, ceardaíocht, spórt, ceol, imeachtaí uisce, damhsa agus go leor eile.
Tá tuilleadh eolais ar fáil ag https://www.spleodar.com/
Ionad Aosach na nOileán
Cuirtear tacaíocht agus seirbhísí ríthábhachtacha ar fáil san ionad lae i Leitir Mealláin do dhaoine scothaosta, a chuireann lena gcaighdeán saoil agus a nasc sóisialta. Leis an tseirbhís mionbhus a chuirtear ar fáil le daoine a bhailiú as a mbaile, déantar cinnte go bhfuil córas iompair acu sin nach bhfuil a leithéid acu. Bíonn siad in ann freastal ar choinní tábhachtacha, dul go dtí an siopa agus dul ar thurais lae. Tagann siad le chéile faoi dhó sa tseachtain san ionad lae agus tugann sé sin deis dóibh casadh le chéile, le daoine eile agus a bheith páirteach i ngníomhaíochtaí éagsúla idir imirt chártaí nó biongó agus ealaíona agus ceardaíocht. Chomh maith leis sin, is áit atá ann a bhféadfaidh daoine dul i mbun cainte, scéalta a roinnt agus tacaíocht a thabhairt dá chéile
Glaoigh ar Maureen ag 087 968 6221 le tuilleadh eolais a fháil
G-Teic @ Cuigeal
Tríd an bPlean Leathanbhanda Náisiúnta, táthar le Pointí Nasctha Leathanbhanda (BCPanna) a chur ar fáil ar fud na tíre agus é seo le déanamh sula ndéanfar scéim cábla snáthoptaice go dtí an baile a leathadh amach. Tá 245 de na láithreáin sin ‘beo’ anois agus tá leathanbhanda inmheánach agus seachtrach ar fáil iontu. Leis háiseanna sin, agus tá Comhar Chuigéal i Leitir Mealláin (H91 CH7X) ina measc, cuirfear ar chumas na bpobal tuaithe leas a bhaint as leathanbhanda tríd obair mhóibíleach, ríomhfhoghlaim agus baincéireacht mhóibíleach agus turasóireacht dhigiteach.


Más ag cianobair atá tú, go bhfuil baint agat le coincheapa, cruthú nó i mbun gnó mór nó ar mheánmhéid a rith, tá muid in ann freastal do do chuid riachtanas.
Tá ár mol digiteach faoi threallús chultúr ar leith na Gaeltachta, agus cothaíonn sé sin an nuálaíocht agus an chruthaitheacht.
Tá gteic@Cuigeal mar chuid de Ghréasán Digiteach na Gaeltachta (Gaeltacht Digital Networks) agus is líonra digiteach é atá ag dul i méid go tapa. Tá an córas áirithinte agus íocaíochta simplí in úsáid sna moil uile ar fud an líonra..
Bí i dteagmháil linn ag 091 551553 nó trí ríomhphost chuig cuigeal@gmail.com má bhíonn tuilleadh eolais uait.
Mapáil Dhigiteach Reiligí i gCeantar na nOileán
Rinneadh reiligí Cheantar na nOileán a mhapáil le cabhair ó oibrithe deonacha agus le heolas ó mhuintir na háite maidir le logainmneacha agus traidisiúin áitiúla. Is obair i gcomhar atá ann leis an bpobal áitiúil trí thaighde agus béaloideas áitiúil.
Leis na teicnící suirbhéireachta a úsáidtear, cinntítear go ndéantar eolas cruinn a bhaineann le reiligí a thaifeadadh, go mbeidh an t-eolas sin solúbtha agus go bhféadfar é a úsáid amach anseo, ar líne, ar aipeanna agus do thaighde acadúil san áireamh.
Rinne muid suirbhé dróin ar 6 reilig/suíomh adhlactha agus beidh an suirbhé sin comhoiriúnach le mapáil deasca ar líne agus le suíomh idirlín Oidhreachta Chomhairle Chontae na Gaillimhe.
Tá mapáil reiligí ríthábhachtach do chuairteoirí/teaghlaigh atá i mbun taighde ar a sinsir. Leis an togra mapála, cuirfear íomhánna fíorúla nó satailíte de shuíomhanna agus pictiúir de na clocha cinn ar fáil chomh maith le cur síos ar uaigheanna agus an t-ábhar atá in úsáid orthu.
Rinne muid suirbhéireacht GPS ar na reiligí agus suíomhanna adhlactha seo i leanas i gCeantar na nOileán, lena n-áirítear físghrafaíochta agus fótagrafaíocht.
-
Reilig Bhéal an Daingin.
-
Reilig Eanach Mheáin.
-
Reilig Leitir Móir.
-
Reilig na Trá Báine.
-
Reilig an tSean Bhaile.
-
Reilig Chuigéil.
Nuair a bheidh an obair curtha i gcrích cuirfear Mapaí Reilige in airde ag gach reilig.
Is togra oidhreachta é seo a mbaineann tábhacht leis ó thaobh ár gcultúr agus ár n-oidhreacht a chaomhnú agus beidh tionchar mór aige i gCeantar na nOileán agus i réigiún Chonamara Theas agus ar an diaspóra i gcoitinne.
Tá os cionn 40,000 taifead cuimhneacháin reiligí á gcur amach anois mar chuid de Thogra Mhapáil Dhigiteach Reiligí Chontae na Gaillimhe. Tá sé mar aidhm leis an dtogra tacú leis an diaspóra agus lenár bpobal ceangal a dhéanamh lena stair trí eolas luachmhar as reiligí a oscailt suas agus é a bheith ar fáil mar fhaisnéis foinse oscailte a fhéadfar a úsáid saor in aisce – arna mhaoiniú ag Comhairle Chontae na Gaillimhe, Forbairt Tuaithe na Gaillimhe, Forum Connemara agus na Chomhairle Oidhreachta agus le comhairle agus tacaíocht Mharie Mannion, Oifigeach Oidhreachta Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus Christy Cunliffe (Seandálaí Contae).

Misneach agus Dóchas – Caroline Uí Lochlainn
Teiripe Chluaisíneach Theirmeach – Coinnle Cluaise Hopi- Teiripe Fuinnimh Chomhtháite (I.E.T)
Cóireáil Teiripe le Coinnle Cluaise Hopi
- Is bealach sábháilte, suaimhneach nach bhfuil aon phian ag baint leis é Teiripe le Coinnle Cluaise Hopi le faoiseamh a fháil ó go leor fadhbanna brú sa gcloigeann, na cluasa, sa tsrón agus scornach.
- Úsáideann go leor cultúr teiripe le coinnle do chluasa go forleathan mar teiripe nádúrtha ón seanaimsir.
- Le Coinnle Cluaise Hopi, airítear teocht dheas agus cothromú sa mbrú atá sna cluasa, sa tsrón agus sa scornach.
- Déanfar suathaireacht acubhrú bhog agus shuaimhneach ar d’éadan sula dtosófar an chóireáil. Cuidíonn sé sin le limfe a dhraenáil agus cur le tionchar na gcoinnle.
- Spreagtar na fadlínte a rialaíonn sruthanna fuinnimh.
- Na horgáin inmheánacha a spreagadh.
- Imshruthú na fola a fheabhsú.
- Cuidiú le sruthú limfe.
- Cuidiú le suaimhneas.
- Spreagadh inchinne.
- Feabhsú an chórais imdhíonachta chun cuidiú le tinnis a chosc.


Teiripe Fuinnimh Chomhtháithe (I.E.T.)
Integrated Energy Therapy (IET) is a holistic healing modality that focuses on releasing suppressed emotions and energy blockages from the cellular memory in the body. During an IET session, clients may experience relaxation, emotional release, and a sense of inner peace. It is often used as a complementary therapy alongside traditional medical treatment to support overall health and wellness.
- caoileadh le brú an tsaoil a chuireann le tuirse agus tnáitheadh agus trína chéile.
- Aireachtáil go bhfuil níos mó fuinnimh agat..
- Aithnítear agus scaoiltear le mothúcháin dhoimhne agus cuimhneacháin croícheallacha.
- Tacaítear leis an bpróiseas féin-chneasaithe go fisiciúil, mothúchánach, meabhrach agus spioradálta.
- Tugtar cothromaíocht i do shaol a ligeann duit mothú go soiléir maidir le haidhm agus treo.
- Scaoiltear le patrúin dhiúltacha a choinníonn tú i mbun iompraíochtaí míshláintiúla.
- Cuidítear leis an gcorp tús a chur leis an gcumas féinchuidithe.
- Cuidítear le codladh níos fearr.
- Laghdaítear brú fola.
- Is féidir leis cuidiú le fadhbanna géara (gortuithe) agus ainsealacha (asma, eachma, tinneas cinn srl.).
- Cuidítear le faoiseamh a fháil ó phian.
- Faightear réidh le bacanna fuinnimh agus ceartaítear sruth fuinnimh an chórais inchrínigh rud a thugann cothromaíocht agus comhréir don chorp.
- Cuidítear le taobh istigh den chorp tocsainí a ghlanadh.
- Faightear réidh le roinnt de fo-iarsmaí drugaí a chuidíonn leis an gcorp teacht ar ais chuige féin ó theiripe drugaí i ndiaidh dul faoin scian agus ceimiteiripe.
- Tacaítear leis an gcóras imdhíonachta.
- Cuirtear le beogacht agus cuirtear siar an próiseas dul in aois.
- Cuidítear le forbairt spioradálta agus saoradh mothúchánach.
Deimhniúchán
- Teiripe Fuinnimh Chomhtháite – Aithint ar Ard-Leibhéal.
- Cleachtóir Gairmiúil Reiki den Dara Céim.
- Dioplóma Creidiúnaithe: Acubhrú, Teiripe Chluaisíneach Theirmeach.
- Cáilíocht Dhomhanda VTCT cláraithe le OFQUAL.
- Faoi Árachas agus Creidiúnaithe ag Comhlachtaí Poiblí -
- Cónaidhm Teiripí Iomlánaíochta (F.H.T.) Cumann Teiripeoirí Cláraithe na hÉireann i Sláinte Comhlántach (ARCHTI)
- Teirpeoirí Comhlachtaithe na hÉireann (A.I.T.)
Maireann gach seisiún idir 45-60 nóiméad ag brath ar chúinsí agus ar thinnis an duine. €40 don seisiún.
SÉANADH: Ba chóir a thabhairt ar aird gur Teiripeoirí Iomlánaíocha agus Comhlántacha iad seo thuas uile agus níl siad le cur in ionad Chúram Dochtúirí. Ba chóir duit dul i gcomhairle le do Dhochtúir Teaghlaigh má tá fadhb sláinte agat nó má cheapann tú go bhfuil.