Cuir Aithne ar Leitir Mealláin
Ionad Oidhreachta Leitir Mealláin & Gharmna
Má tá sé ar intinn agat turas a thabhairt go Conamara in iarthar na hÉireann, agus gur mhaith leat eispéireas a bheidh uathúil agus a chuirfidh le do shaol, ba chóir duit smaoineamh ar chuairt a thabhairt ar Ionad Oidhreachta Leitir Mealláin & Gharmna.
Tá an t-ionad lonnaithe i Leitir Mealláin atá mar chuid de cheantar na Gaeltachta. Tá stádas speisialta ag na ceantair Ghaeltachta mar áiteanna a bhfuil nósanna traidisiúnta in úsáid agus an Ghaeilge á labhairt ag na daoine.
Tá cultúr agus stair shaibhir na n-oileán ar taispeáint san ionad, oileáin a bhfuil cónaí orthu le níos mó ná 4,000 bliain.
Tá déantáin agus pictiúir éagsúla a bhaineann le hoideachas, creideamh, béaloideas agus saol na n-oileánach ó lá go lá ar taispeáint sa mhúsaem. Is féidir macasamhail de theachín ceann tuí a fheiceáil freisin, a thugann léargas duit ar an tslí a mhair daoine fadó. Chomh maith leis sin, is féidir súil a chaitheamh ar bhailiúchán scríbhínní agus leabhar staire, CDanna, DVDanna agus cuimhneacháin a dhéanann an Ghaeilge agus cultúr na hÉireann a cheiliúradh.

Níos mó ná Músaem
Ceann de na buaicphointí a bhaineann le cuairt a thabhairt ar Ionad Oidhreachta Leitir Mealláin & Gharmna is ea an deis casadh le John Bhaba Jeaic Ó Confhaola, an staraí áitiúil agus daoine áitiúla eile, atá an-chineálta agus an-fháiltiúil. Is breá leo scéalta a insint agus traidisiúin a roinnt agus fiú cúpla focal nó abairt i nGaeilge a mhúineadh.
Tá Ionad Oidhreachta Leitir Mealláin & Gharmna ar oscailt ar feadh na bliana ón 10am fo 2pm. Is féidir teagmháil a dhéanamh linn má bhíonn tú ag teacht ag am éigin eile agus beidh muid sásta socrú a dhéanamh a bheidh oiriúnach duit.
Tá i bhfad níos mó i gceist leis ná músaem; is áit atá ann a bhféadfaidh tú tú féin a thumadh i saol eile, foghlaim faoi stair agus faoi chultúr phobal éagsúil ar leith. Is áit atá ann a bhféadfaidh tú nasc a dhéanamh leis an nádúr agus leat féin, agus tú féin a spreagadh agus a shaibhriú
-
Ar oscailt ó Luan go hAoine, 10.00am go 2.00pm.
Cuir Aithne ar Shlí Iontach an Atlantaigh Fhiáin
Bain taitneamh as na 2,500 km de chósta gleoite brataithe le tránna geala, aillte arda agus cúltúr áitiúil saibhir. Féach ar chumhacht an Aigéin Atlantaigh agus é ag bualadh in aghaidh na n-aillte, déan na tránna fairsinge a shiúl agus breathnaigh ar ealta éan agus iad go slachtmhar ag eitilt sa spéir os do chionn.


Déan Croílár Ceilte na hÉireann a Fhiosrú
Báigh tú féin i gCroílár Ceilte na hÉireann, áit ársa ina gcaitear an t-am go suaimhneach. Éist le ceol ciúin binn na sruthán, téigh ag céaslóireacht ar na huiscebhealaí agus ar fánaíocht trí chosáin dhraíochta foraoise. Déan cinnte sult a bhaint as an timpeallacht chiúin, shuaimhneach; i ndáiríre níl a leithéid le fáil in aon áit eile.



