Ceisteanna Coitianta

Wave Shape

Ceisteanna Coitianta maidir le Folcthaí Feamainne

An bhfuil an Fheamainn úr?

Tá, baineann muid féin an Fheamainn a úsáidtear anseo i Leitir Mealláin. Úsáideann muid slite traidisiúnta agus inbhuanaithe díreach leis an méid feamainne a theastaíonn uainn a bhaint.

Conas a ghlantar an Fheamainn?

Nuair a bhaintear an fheamainn, nitear go maith i bhfíoruisce í. Nitear arís í sula gcuirfear sa bhfolcadáin í agus doirtfear uisce fiuchta uirthi.

Cad a dhéanfar leis an bhFeamainn ina dhiaidh sin?

Is leatsa an Fheamainn a bheidh in úsáid agat le haghaidh d’fholctha le tabhairt leat. D’fhéadfá folcadh Feamainne eile a bheith agat sa mbaile agus é a úsáid ansin mar leasú amuigh sa ghairdín.
Tugtar aon Fheamainn nach dtugann cliaint leo d’fheirmeoirí agus garraíodóirí áitiúla le húsáid mar leasú.

An mbíonn sáile sna folcthaí?

Bíonn sáile agus feamainn áitiúil sna folcthaí.

An bhféadfaidh Folcadh Feamainn a bheith ag lánúnacha?

Féadfaidh, tá seomra dúbailte (dhá fholcadán sa seomra céanna) chomh maith le seomra singil againn anseo in Ionad na Feamainne.

Cad a thabharfaidh mé liom?

Ní gá duit aon rud a thabhairt leat don Fholcadh Feamainne. Moltar duit gan aon rud a chaitheamh san uisce ach is féidir leat feisteas snámha a chaitheamh más mian leat. 

Cuirtear tuáillí, róbaí agus slipéir spá ar fáil. 

Tá triomadóir gruaige ar fáil le húsáid ar ghruaig fhliuch, b’fhéidir gur mhaith leat scuab gruaige a thabhairt leat.

Ós rud é go mbíonn na seomraí te, moltar duit éadaí éadroma a chaitheamh ina dhiaidh. 

Cad a tharlóidh nuair a thiocfaidh mé le haghaidh m’fholctha?

Cuirfear fáilte romhat, iarrfar ort deimhniú nach bhfuil aon riocht sláinte (tinneas nó a leithéid) ag dul duit a chuirfeadh cosc ort folcadh feamainne a bheith agat. Ansin tabharfar chuig seomra an fholcadáin tú.

An bhféadfaidh mé Folcadh Feamainne a bheith agam agus mé ag iompar clainne?

Féadfaidh, níl aon chúis nach mbeifeá in ann folcadh feamainne a bheith agat agus tú ag iompar clainne. Ní mholtar duit úsáid a bhaint as an seomra gaile áfach agus tú ag iompar clainne agus moltar duit an t-uisce folctha a bheith ag teocht níos ísle.

Cá bhfuil an liosta de riochtaí sláinte a chuirfeadh cosc orm folcadh feamainne a bheith agam?

Cliceáil ar prótacail Saoráide ar an suíomh idirlín le liosta iomlán a fheiceáil. Má tá aon amhras ort, seiceáil le do Dhochtúir Teaghlaigh

Cad a tharlóidh tar éis folcadh a bheith agam?

Triomóidh tú tú féin agus cuirfidh tú do chuid éadaí ort, gan cith a thógáil - moltar duit olaí na feamainne a fhágáil ar do chraiceann go dtí an lá dár gcionn más féidir.

An mbeidh boladh Feamainne uaim?

Ní bheidh, ní fhágfaidh na fheamainn aon bholadh ar do chraiceann. Beidh do chraiceann go hálainn bog agus maothaithe.

An bhfuil na folcthaí te?

Tá, is uisce te a bheidh sna folcadáin ach beidh tú féin in ann an teocht a athrú de réir mar is mian leat

An gcuirtear sóláistí ar fáil?

Cuirtear. Beidh uisce le hól ar fáil sna seomraí folctha.

Gheobhaidh tú mús carraigín agus sailéad torthaí úra.

Cad a dhéanfaidh mé má bhíonn orm m’áirithint a chur ar ceal?

Tabhair fógra 48 uair an chloig ar a laghad dúinn le do thoil le háirithint a chur ar ceal le haisíocaíocht iomlán airgid a fháil. Má fhaightear níos lú ná 48 uair an chloig gearrfar táille 50%. Ní dhéanfar aisíocaíocht ar bith mura dtiocfaidh duine i láthair in aon chor dá gcoinne.  

Logo Watermark