Siúlóidí agus Turas Fuaime

Wave Shape

Bealach Siúlóidí Leitir Mealláin

Má tá ceantar álainn clochach le farraige uait tabhair aghaidh ar Leitir Mealláin.

Slabhra oileán atá i gceist agus ceangal eatarthu agus é ar an áit is faide siar i ndeisceart Chonamara.

Timpeallacht álainn charraigeach agus amach chun farraige, cuaisíní gleoite agus tránna. Tá deiseanna fánaíochta go leor anseo a thugann daoine chuig páirteanna difriúla den oileán.

Tugann ceann acu thú go Ceann Gólaim, áit a bhfuil túr Martello a tógadh i 1804 mar chosaint in aghaidh ionsaithe ó dhíorma Napoleon agus tá an túr sin fós ann

Tá léargas ar shaol na ndaoine le fáil le cósta. Amach ón gcósta tá oileán nach bhfuil aon dhuine ina chónaí anois orthu, cosúil le Daighinis agus Inis Oirc. Tá amharc iontach ar Thrá Choiréalach an Dóilín ar an gCeathrú Rua soir uait, Oileáin Árann ó dheas agus Chill Chiaráin siar uait.

Má tá tuilleadh eolas ag teastáil uait faoi stair na h-áite tá níl ort ach an Cód QR a scannáil ar na 6 Phosta atá lonnaithe ag áiteanna éagsúla. Gheobhaidh tú blaiseadh beag de thírdhreach agus de stair na ndaoine áitiúla

  • Distance Icon Ceithre bhealach siúlóide a fhaid éagsúla ó 3km go dtí 8km.
  • location Icon A thosaíonn ag Ionad na Feamainne i Leitir Mealláin.

Self Guided Tours Enquiry

Transparent Wave Shape
Transparent Wave Shape
Transparent Wave Shape
Transparent Wave Shape
Illustrated map showing the walking trail routes
Map showing the 4 Lettermullen walking routes; The Green, Blue, Yellow and Red Trails
Phone with the get started page of the Seaweed Centre App

Turas Fuaime

Cruthaíodh an Aip nua dhátheangach le buaicphointí stair Leitir Mealláin i gcaitheamh trí chéad bliain a léiriú. Ina measc tá cuairt John Millington Synge in éineacht le Jack Yeats thar cheann an nuachtáin an Manchester Guardian sa bhliain 190.

Is iad seo a leanas na híomhánna a fheicfidh cuairteoirí ag pointí ar leith feadh an bhealaigh

  • Droichead Jack B Yeats
  • An Reilig - Caisleán Uí Fhlatharta,
  • Seipeál Réalt na Mara, An Brig St. John
  • Trí Oileán Áitiúla
  • Túr Cheann Gólaim
  • Trá Heuston agus Leabhar Uí Laoi

Cuid lárnach don eispéireas is ea múscailt don méid atá ar fáil ar chósta agus ar chladach Leitir Mealláin agus an tairbhe a bhaineann leis do shláinte, spreagadh, oideachas agus foghlaim gach duine.

Téigh chuig www.theseaaweedcentre.com nó íoslódáil aip Thuras Fuaime Ionad na Feamainne ó shiopa na n-aipeanna díreach chuig do fón. Lean @theseaweedcentre ar na meáin shóisialta uile don nuacht is déanaí. Tá tacaíocht faighte ag tionscadal aip Thuras Fuaime Ionad na Feamainne ó Chlár Digital That Delivers de chuid Fáilte Éireann.

  • Developer Icon Forbróir: Oileán I.T
  • Age Rating Icon Aoisghrúpa: Gach Duine
  • Category Icon Category: Travel & Local
Transparent Wave Shape
Transparent Wave Shape

Self Guided Tours Enquiry